Caitlín agus Cormac
Sraith 4 phictiúrleabhar neamhfhicsin don aoisghrúpa 4-7 mbliana chun coincheapanna a bhaineann le huimhreacha, trátha an lae, cruthanna agus léitheoireacht, a dhaingniú. Leabhair álainn soláimhseáilte cartchláir iad seo a fheilfidh go mór do na naíonáin ag baile nó ar scoil.
An Chóisir
€6.00
Dhá bhliain d'aois atá Cormac inniu. Tá cóisir mhór ann dó sa teach. Le chéile, táimid ag comhaireamh na mbronntanas agus ag foghlaim faoi uimhreacha. Daingníonn an leabhar seo coincheapanna a bhaineann le huimhreacha agus le comhaireamh. I gcomhthéacs cóisire breithlae, taispeántar na huimhreacha scríofa agus taispeántar nithe éagsúla atá le comhaireamh.
An Phicnic
€6.00
Tá Caitlín agus Cormac ag dul ar phicnic. Tá bord cearnógach acu, liathróid chruinn, agus puball triantánach. Cé na cruthanna eile a aithníonn tú? Déanann an leabhar seo daingniú ar choincheapanna a bhaineann lecruthanna. I gcomhthéacs turas picnice, taispeántar agus ainmnítear cruthanna (bord i gcruth cearnóige,puballigcruthtri-antáin, an ghrian i gcruth ciorcail srl.)
Lá Mór Fada
€6.00
Táimid ag foghlaim faoin lá. Éiríonn caitlín agus Cormac ar maidin. Tá lá fada amach rompu, agus tá go leor le déanamh acu. Déanann an leabhar seo daingniú ar choincheapanna a bhaineann le gnáthaimh an lae ón mbricfeasta ar maidin go glanadh fiacla san oíche.
Tabhair Leat do Leabhar
€6.00
Pictiúrleabhar cláir sa tsraith 'Ag léamh le Caitlín agus Cormac' maisithe ag Silvia Ortega: Táimid ag foghlaim faoi leabhair. Tá an lá caite ag Caitlín agus Cormac ag taisteal. Agus nuair a thiteann an oíche, téann siad ag taisteal lena gcuid leabhar.
Pléann an leabhar seo le leabhair agus le buanna na léitheoireachta. I gcomhtheacs an taistil agus na samhlaíochta,
taispeánann an leabhar seo gur féidir taisteal a dhéanamh ar leathanaigh leabhair.